Cois Laoi Poem by Matt Mooney

Cois Laoi

Fear ard a chromann síos,
A leag a shúil ar ní thíos faoi:
Cúig cent ar lána an bhus,
A bhogann thart gan mhoill
Le teacht tráthnóna fhuadraigh
I gcathair chroíúil Chorcaí.

Micléinn ag filleadh abhaile
Chun ocras an lae a mharú
Thuas i seomraí ’tá acu ar cíos
Thall i dTobar Rí an Domhnaigh.

Cois abhann do shiúlamar:
Scathán de chrainn is binsí
Ag bun gháirdíní na n-uasal-
A gcuid staighrí sios le fána;
Lanúin óg ag blaiseadh póg,
Na lachain ag snámh le chéile.

San óstán tá siamsa is solás,
Ceol faoi choinnleoir craobhach,
Seaimpéin is gloiní seanga:
Corc ag popáil, gáire is gean,
An oíche sa chathair ag titim.

(Read my English version 'Alive By The Lee'.)

COMMENTS OF THE POEM
READ THIS POEM IN OTHER LANGUAGES
Matt Mooney

Matt Mooney

South Galway, Ireland.
Close
Error Success